“AR MUIN NA MUICE”- Near90FM 01 Meitheamh 2011

D’eagraigh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge an 3ú Lá Eolais do Theachtaí Dálaí agus Seanadóirí in Óstán Buswells ar 01 Meitheamh. Bhí Darren Mac an Phríora ann agus labhair sé le Dónall Ó Cnáimhsí ó Ghuth na Gaeltachta; Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge; Aodhán Ó Deá ó Aontas na Mac Léinn; Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga; Pearse Doherty TD ó Shinn Féin agus Robert Dowds TD ó Pháirtí an Lucht Oibre ann.

Beidh Na Gaeil Óga CLG ag imirt i gComórtas Peil Na Gaeltachta i mbliana. Labhair Darren le Ruadhán Ó Feinneadha ón bhfoireann faoin dea-scéal scéal seo agus conas atá rudaí ag dul ar aghaidh go ginearálta leis an bhfoireann.

Play