Ar Muin Na Muice I gcomhrá lé Emer Nic Aodhain

Cailín soineanta nó spíodóir – cerbh í Treasa Nic Aodháin?

Béidh dráma faisnéise úr­nua, “Ón Chlochar go Cill Mhaighneáin” á craoladh ar Raidió na Life 106.4FM Luan Cásca 2015 ag 7.0i.n le tacaíocht scéim Fís agus Fuaim ó Údarás Craolacháin na hEireann (BAI). Scéal faoi bhean óg as Ghaeltacht Thír Chonaill ar Phoblachtánach gníomhach í idir 1916­1923, seanaintín agus máthair baistí an stiúrthóra, Emer Nic Aodháin​, a théann ar aistear pearsanta ar a tóir. Ó ghleann scéirdiúil síochanta Gaeltacht Ghleann Fhine, d’fhag Treasa Nic Aodháin​a baile chun post a ghlacadh mar chléireach bainc i Manchain. D’oibrigh sí mar spíodóir ar son na nÓglach thall faoi shúla na mban rialta, agus a coinníodh i bPríosún Chill Mhaighneann i rith an Chogaidh Cathartha. “Seo scéal phearsanta faoi shaol mo shean aintín, mo mháthair baistí agus mo laoch: Treasa Nic Aodháin. Mhair Treasa trí am cinniúnach: ghlac sí páirt gníomhach i saoradh bunaitheoir na fáinne órga, Piarais Béaslaí agus d’obrigh sí mar chuiréir dos na hÓglaigh mar bhall de Chumann na mBan agus táim ag tsnúth leis a scéal a roinnt.” ­Emer Nic Aodháin, stiúrthóir. Bhí saol mór fada ag Treasa; mhair sí 96 bliana, ó deireadh an 19ú go dtí na 80idí sa chéad seo chaite. Ní amháin go bhfaca sí athraithe móra ag tarlúint in Éirinn, ghlac sí páirt iontu, gualainn le gualainn le mionlach ban reabhlóideach in Éirinn, a bhí mar chomrádaithe ag na fir. Chuaigh Treasa in aghaidh na norm cultúrtha ó bhí sí ina girseach óg : bhí féin­mhuinín láidir aici, taistil sí ina h­aonair ó fheirm iargúlta sna sléibhte in Iar­thuaisceart na hÉireann go dtí an dara chathair ba mhó sa Bhreatain. In san chlár seo, chloisfimid agallamh le Tony Birtill, saineolaí ar Phríosúin Strangeways agus campaí géibheann Frongach; Mary Harris, léachtóir in NUIG le h­eolas speisialta ar stair na hEireann i rith an 19ú agus 20ú aois, Niall Mac Fhionnlaoich (gearrmhac Cú Uladh), Colm agus Pascal Mhic Aodháin (athar agus uncail an stiúrthóra). . Aisteoirí: Príomh­aisteoir: Dorothy Duffy as an Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill, atá ina cónaí i Londain ag obair go lán aimseartha mar aisteoir. (Magdalene Sisters, comh maith le drámaí stáitse de chuid Peter Mullan agus Mike Leigh, agus The Giant O’Brien ar an raidió). Guthanna na bhfear: Na deartharacha McDonagh, Sean agus Niall, bunaitheoirí High Rock Productions (Magdalene Sisters, Kisses, Commitments, Ros Na Rún). Guthanna na mBan: Deirfiúracha Learmont as Ghort a Choirce, Niamh agus Deirdre. (Sparkplug, Joe & Jack, Bia Linn). Ceol: Aoife Ní Cheallaigh (concertina, fiddle). Tuilleadh eolas: emer.nicaodhain@gmail.com 0872259445 www.raidionalife.ie 016616333 www.bai.ie

 

photo

Play